Scoil: Ceathramhadh Garbh (uimhir rolla ?)
- Suíomh:
- An Cheathrú Gharbh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Máire Ní Shionnacháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ceathramhadh Garbh
- XML Leathanach 445
- XML “Amhrán an Phúca”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Amhrán an Phúca (ar lean)
“Éireóchaidh mé ar maidin i n-ainm an Dómhnaigh ¶ Agus rachaidh mé in mo chomhnaidhe ar chnocainín bán”
(ar lean ón leathanach roimhe)Fágfaidh mé annsin é go gcaithtear ráithe an Gheimhridh
Tabhair marcuigheacth do mhaortha, dream éirigheas roimh lá,
Da ionnsaigheadh sé caiseal iré gceart lár na amach go sliabh caorach anonn go'n úr bhán
Da téigheadh sé in a ceannport ar maighistrí
Sideóga Rath Cruachthan na Fionn Bharra Meadha
Na ag faire sé an caisleán ná ar fuadradh
Go bun cnuic an uaignis ná anonn go sliabh bán.Cuirfidh mé sgonnsa air le h-iomaire an lionáin
A's ní ligfidh mé aniar é thar Mhám an Tuirc Mhóir
Ná go ndéanfadh sé eachtraidh i mBaile na h-Inse
An áit a mbeidh suantraidhe maidin is nóin.
Ní ligfidh mé tharm é ar thalamh ná ar uisge
Is beidh aireachas grinn agam roimhe san ród
As má chastar ar 'Jack' é an fear maith atá san áit
Bainfidh sé píosa de'n leiceann ná de'n tsrón.[Micheál Mac Suibhne a cheap é]- Faisnéiseoir
- Micheál Mac Suibhne
- Inscne
- Fireann