Scoil: Ceathramhadh Garbh (uimhir rolla ?)
- Suíomh:
- An Cheathrú Gharbh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Máire Ní Shionnacháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ceathramhadh Garbh
- XML Leathanach 421
- XML “Daoine Cáiliúla”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear dárbh ainm Pádraig Ó Catháin i gCloigcheam fadó agus lá amháin rith sé timpeall céad slat agus léim sé amach thar teach. Annsin fuair sé trí cinn de bharraillí agus chuir sé in diaidh a chéile iad. Léim sé de'n talamh isteach i gceann acu, agus léim sé as an gceann sin isteach i gceann eile, agus léim sé amach as an tríomhadh ceann ar an talamh.Fadó bhí fear darb' ainm Micheál Ó Cárthaigh, Corra Riabhach, Fionnmhuighthe ag dul síos cnoc mór, ar a dtugtar Aill na Fuaidh, no Aill Dubh, ar chapall agus a bhean thiar de ar an gcapall.
Chuaidh fear eile amach thairis ar chapall agus dubhairt sé leis go mba é a dubhshlán fághail suas leis. Chaith an fear eile a bhean anuas de'n capall agus rith sé. Nuair a bhí an capall ag dul thar a chasán féin, shíl an fear nach rachadh sí an casán sin agus leagadh an fear agus buaileadh a chroidhe anuas faoi chloich agus níor mhair sé ach coigcís.Bhí go leor daoine i n-Uachtar Árd lá agus nuair a bhí siad ag teacht abhaile bhí ortha dul trasna loch. Bhí an loch reoidhte, agus chuaidh cúigear acú amach ar an leac-oidhre. Nuair a bhí siad amach píosa, chuala siad an leac-oidhre ag scoilteadh agus scaipeadar ó na chéile.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Brighid Ní Chonaire
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 78
- Seoladh
- An Cloigeann, Co. na Gaillimhe