School: Ceathramhadh Garbh (roll number ?)
- Location:
- An Cheathrú Gharbh, Co. Galway
- Teacher: Máire Ní Shionnacháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Ceathramhadh Garbh
- XML Page 421
- XML “Daoine Cáiliúla”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí fear dárbh ainm Pádraig Ó Catháin i gCloigcheam fadó agus lá amháin rith sé timpeall céad slat agus léim sé amach thar teach. Annsin fuair sé trí cinn de bharraillí agus chuir sé in diaidh a chéile iad. Léim sé de'n talamh isteach i gceann acu, agus léim sé as an gceann sin isteach i gceann eile, agus léim sé amach as an tríomhadh ceann ar an talamh.Fadó bhí fear darb' ainm Micheál Ó Cárthaigh, Corra Riabhach, Fionnmhuighthe ag dul síos cnoc mór, ar a dtugtar Aill na Fuaidh, no Aill Dubh, ar chapall agus a bhean thiar de ar an gcapall.
Chuaidh fear eile amach thairis ar chapall agus dubhairt sé leis go mba é a dubhshlán fághail suas leis. Chaith an fear eile a bhean anuas de'n capall agus rith sé. Nuair a bhí an capall ag dul thar a chasán féin, shíl an fear nach rachadh sí an casán sin agus leagadh an fear agus buaileadh a chroidhe anuas faoi chloich agus níor mhair sé ach coigcís.Bhí go leor daoine i n-Uachtar Árd lá agus nuair a bhí siad ag teacht abhaile bhí ortha dul trasna loch. Bhí an loch reoidhte, agus chuaidh cúigear acú amach ar an leac-oidhre. Nuair a bhí siad amach píosa, chuala siad an leac-oidhre ag scoilteadh agus scaipeadar ó na chéile.(continues on next page)- Informant
- Brighid Ní Chonaire
- Gender
- Female
- Age
- 78
- Address
- An Cloigeann, Co. Galway