School: Ceathramhadh Garbh (roll number ?)

Location:
An Cheathrú Gharbh, Co. Galway
Teacher:
Máire Ní Shionnacháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0076, Page 420

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0076, Page 420

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Ceathramhadh Garbh
  2. XML Page 420
  3. XML “Tomhaiseanna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    ní bhlaiseann sé aon bhiadh? (Speal).
    53. Dhá chois ar thalamh, trí cosa ós a chionn, cloigeann na mbeo i mbéal na marbh? (Pota shíos ar chloigeann duine).
    54. Tobairín fír-uisge ar fíor-bhárr an t-sléibhe, fuinneóigín gloine is doraisín cré air? (Súil).
    55. Is cruinne é ná do cheann agus is fuide é ná na mílte crann? (Ceirtlín snátha).
    56. Chím in a suidhe in a seasamh, chím ar bhláth an aitinn í, ceó ná drúcht ní leagann sí, is ní stadann sí de shíor? (An ghealach).
    57. Sean-duine beag donn is a bhothán ar a dhruim aige? (Seilimide).
    58. Uisge goirt gan shalann gan sáile? (Deóracha súil).
    59. An rud a chaitheann an duine bocht uaidh cuireann an duine uasal in a phóca é? (Smugairle).
    60. Cé mhéad ruball bó a dhéanfadh as seo go dtí an ghealach? (Ceann ach é bheith sáthach fada).
    61. Chaith mé suas é chomh bán le eala, agus tháinig sé anuas chomh buidhe le ór? (Ubh).
    62. Cé'n cuid is airde de'n bhó? (A géim).
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. riddles (~7,209)
    Language
    Irish
    Informant
    Brighid Ní Chonaire
    Gender
    Female
    Age
    78
    Address
    An Cloigeann, Co. Galway
    Informant
    Máire Ní Spealáin
    Gender
    Female
    Age
    90
    Address
    An Cloigeann, Co. Galway
    Informant
    Úna Ní Dhroighneáin
    Gender
    Female
    Age
    85
    Address
    An Cheathrú Gharbh, Co. Galway