School: Ceathramhadh Garbh (roll number ?)
- Location:
- An Cheathrú Gharbh, Co. Galway
- Teacher: Máire Ní Shionnacháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Ceathramhadh Garbh
- XML Page 422
- XML “Daoine Cáiliúla”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Tháinig siad slán i dtír in a dhiaidh sin.Bhí fear siubhail in a chomhnuidhe sa gClochán fadó. Lá amháin chuir sé geall le Fir an Phuist go mbeadh sé i nGaillimh chomh luath leo ag siubhal. Sé an saghas cáirr phuist a bhí ann an uair sin ná ceann a mbíodh dhá chapall dhá tharraingt. Tharraingeadh dhá chapall é ó'n gClochán go Cros-Bóthar Máma agus bhíodh dhá chapall eile annsin le é a tharraingt go h-Uachtar Árd. Bíodh dhá chapall eile annsin le é a tharraingt go Gaillimh. Bhí an fear siubhal ann i dtosach air agus é ag siubhal. Sé an t-ainm a bhí air ná Seán Mac Lochlann.Bhí fear darb' ainm Peadar Mac Conraigh in a chomhnuidhe sa nGleann, Uachtar Árd tamall maith ó shoin. Thóg sé céad meadhchaint faoi na dhá asgaill agus léim sé síos i mbarraille mór.Bhí bean in Rosmuc fadó. Lá amháin shiubhal sí síos go Gaillimh agus shiubhal sí abhaile an lá céadna agus leath-chéad plúir ar a druim aici. Sé an t-ainm a bhí uirthi ná Brighid Ní Chonaire, Rosmuc.
- Informant
- Brighid Ní Chonaire
- Gender
- Female
- Age
- 78
- Address
- An Cloigeann, Co. Galway