Scoil: An Fháirche (Buachaillí)
- Suíomh:
- An Fhairche, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Énrí Ó Máille
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Fháirche (Buachaillí)
- XML Leathanach 319
- XML “Cos Dhubh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)duine ar bith a chaith oidhche ariamh ann go mbeadh siad marbhú ar maidin.
Ní miste liom arsa "Cos Dhubh" dhá bhfuighinn mo sháith le n-ithe agus le n-ól.
Tá sin ann cheana arsa an fear leis agus tá baraille leana fághtha annsin i gcomhnuidhe le h-aghaidh lucht-curtaidheachta.
Bhí "Cos Dubh" an-tsásta annsin mar bhí an-tóir ar lean aige agus thiubhrfhadh sé rud ar bith acht a shaith a fhághail dhe.
Nuair a bhí sé a' imtheacht le ghabhail isteach sa teach casadh sean leadaidhe leis agus dubhairt sé a theacht leis agus go mbeadh an-oidhche acu in aonacht ag ithe agus ag ól ar feadh na h-oidhche.
Bhí go maith is ní raibh go h-olc cuadhadar isteach agus nuair a bhí a sáith ithte agus ólta acu chuadhadar ina gcodhladh.
Nuair a bíodar sgathamh beag na gcodhladh tháinig tart ar "Cos Dhubh" agus deirigh sé agus chuaidh sé ag an mbaraille leana le deoch eile a bheith aige.
Nuair a chuir sé an soitheach sa mbaraille leis an lean a thógáil aníos chonnaic sé cloigeann coirp sa mbaraille agus nuair a chonnaic sé an cloigeann(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Micheál Ó Cadhain
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Micheál Ó Cadhain
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 58
- Seoladh
- Baile Uí Bhuíáin, Co. na Gaillimhe