Scoil: An Fháirche (Buachaillí)
- Suíomh:
- An Fhairche, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Énrí Ó Máille
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Fháirche (Buachaillí)
- XML Leathanach 318
- XML “Cos Dhubh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Cos Dhubh
Bhí buachaill óg ann fadó a dtugadh siad "Cos Dhubh" air agus sé an fáth ar tugadh an t-ainm air mar nár nigh sé a chosaí ariamh.
Buachaill an-bhocht a bhí ann agus bhí sé chomh bocht ar deireadh go ndheachaidh sé ag imtheacht roimhe a marcaidheacht ar shean-asal.
Ní raibh sé í bhfad ar bith ar an mbóthar gur casadh fear leis agus thosaigh sé a cainnt leis mar ba mhaith leis comráide a bheith aige.
Nuair a bhí siad sgathamh a cainnt diarr an fear air a raibh misneach maith aige.
Dubhairt sé go raibh agus nár chinn aon rud ariamh air chomh fada agus rachadh misneach.
Dubhairt an fear annsin go gcuifheadh [!] sé triáil beag air agus diarr Cos Dhubh air innseacht dhó agus go ndéanfhadh sé é.
Dubhairt sé leis go raibh teach annsin thoir agus go bhfuigheadh sé buntáiste mór dá bhfanfhadh sé oidhche amháin ann acht(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Micheál Ó Cadhain
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Micheál Ó Cadhain
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 58
- Seoladh
- Baile Uí Bhuíáin, Co. na Gaillimhe