Scoil: An Fháirche (Buachaillí)
- Suíomh:
- An Fhairche, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Énrí Ó Máille
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá go leór Sean-Fhoirghnidhthe ar fud na tíre. Tá ceann ar oileán i Loach Coirib agus an tainm ata air Caisleáin na Circe.
Tóigeadh sé na céadtaí bliadhain ó shoin. Bhí bean ina comhnaidhe ar an g-Ceathramh Ghairbh agus bhí sí chómh bastalach leisgúil agus go gcaithfeadh daoine an greim a bhí sí ag ithe a chur ins béal.
Tháinig sé sa saoghal ar deireadh gur cuireadh gob circe uirthi. Annsin chuaidh sí isteach ins an g-Caisleán seo sa gcaoí nach bhfeicfeadh duine ar bith í, agus sin é an fáth a tugadh Caisleán na Circe air.
D'fhan sí ins an Caisleán gur cailleadh í agus cuireadh ann í.
Deirtear freisin gur tógadh an Caisleán in aon oidhche amháin agus trúir a rinne é. Nuair a bhí sé críochnuighthe san tráthnóna deirtear go raibh cearc agus coileach ann, agus sin úghdar eile ar tugadh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Liam Breathnach
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Seán Breathnach
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 57
- Seoladh
- Dúráithe, Co. na Gaillimhe