Scoil: An Fháirche (Buachaillí)

Suíomh:
An Fhairche, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Énrí Ó Máille
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0076, Leathanach 259

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0076, Leathanach 259

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Fháirche (Buachaillí)
  2. XML Leathanach 259
  3. XML “An Taibhse Bhán”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí fear ann fadó agus bhí triúr nac aige. Bhí ceann acú in a amadán agus bhí an bheirt eile an-ghlic.
    Bhí an sean-fhear ag roinnt na talmhan orra annsin acht níor mhaith leis é a thabhairt don amadán. Chuir sé chuig teampall é a gcoinne sgíne agus tobac a d'fhág se in a dhiaidh ag sochraid.
    Bhí taidhbhse bhán ins an teampall seo agus mharbhóchadh sé chuile dhuine a rachadh ann. Chuaidh sé ann agus thug sí na rudaí abhaile acht níor mhaith leis an talamh a thabhairt dó.
    Chuaidh an sean-fhear chuig fear an-ghlic, abhí in áit eile don tír agus d'iarr air plean a thabhairt dó le go gcuireadh sé an tamadán as an talamh. Dubhairt an sean-fhear glic leis é a chur go coill mhóir i gcoinne sgoilibh. Bhí taidhbhse eile ina comhnuidhe sa gcoill seo agus mharbhóchadh sé chuile dhuine a rachadh ann. Chuaidh an tamadán ann agus thainig an taidhbhse chuige. D'iarr sé dhe céard a thug isteach ann é agus dubhairt se leis dul as go tapaidh. Dubhairt an tamadán nach
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0650**: The Strong Youth
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Liam Breathnach
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    Máirtín Ó Murchadha
    Inscne
    Baineann
    Aois
    65
    Seoladh
    Dúráithe, Co. na Gaillimhe