Scoil: An Fháirche (Buachaillí)
- Suíomh:
- An Fhairche, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Énrí Ó Máille
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Fháirche (Buachaillí)
- XML Leathanach 277
- XML “Óige na Farraige”
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)mháthair go dtí an áit a raibh an cochall. Nuair a fuair sí an cochall rith sí fhéin agus an chlann amach sa bhfairrge agus nuair a tháinic an fear dubhairt sí nach rachadh sí abhaile leis.
(gan teideal)
“Triúr os cionn triúr, triúr i ndiaidh triúr...”
Triúr ós cionn triúr.
Triúr ndiaidh triúr.
Sin naonbhar de chlann aon-mháthar ag iarraidh bean dá máthair fhéin.
Bhíodh beirt stócach ag imhtheacht le chéile fadó.
Shuidh an bheirt síos lá amháin amuigh i bpáirc agus las fear acú a phíopa agus chaith a sháith, agus nuair a bhí sé réidh leis thug sé gon fhear eile é, agus dubhairt an fear eile Beannacht Dé le hanam do mharbhú. Ní í sin mo dhuais arsa an fear a thug an píopa uaidhe.
Fuair sé a shlat draochta annsin agus rinne sé bean gon fhear a bhí leis. Chuaidh sí ag teach feilméaraidhe annsin a bhí inaice leo agus chaith sí trí bliadhna ann agus bhí triúr mac aicí ar feadh an ama agus an-mheas ag fear agus bean an tighe astú.
Casadh an fear draochta an bealach lá eile agus theastuigh a dhuais uaidhe agus thairg an bhean airgeadh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máirtín Ó Sonacháin
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Seán Breathnach
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 65
- Seoladh
- Cill Bhríde, Co. Mhaigh Eo