Scoil: An Fháirche (Buachaillí)

Suíomh:
An Fhairche, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Énrí Ó Máille
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0076, Leathanach 278

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0076, Leathanach 278

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Fháirche (Buachaillí)
  2. XML Leathanach 278
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal) (ar lean)

    Triúr os cionn triúr, triúr i ndiaidh triúr...

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    dó acht ní raibh sé sásta leis agus rinne sé capall glas di. Béigean dí a dhul amach ag obair ar feadh trí bliadhna agus bhí trí shearrach aicí.
    Tháinic an fear draochta lá eile ag iarraidh a dhuais acht dubhairt sí nach raibh aicí acht lán a glaice go shioc.
    Fuair sé a shlath draochta aríst agus rinne sé madadh gon chapall agus chuaidh sí ar ais ag teach an fheilméaraidhe agus chaith sí trí bliadhna ag obair ann agus bhí trí choileán aicí.
    Bhí sgata mór daoine ag an teach oidhche agus líon fear acú a phíopa agus thug go fhear eile é. Nuair a fuair sé an píopa dubhairt sé Beannacht Dé le hanam do chineadh agus do dhaoine.
    Bhí an madadh ag éisteacht leis an gcainnt agus nuair a tháinic an fear draochta ag iarraidh a dhuais dubhairt sí Beannacht Dé le hanam do chineadh agus do dhaoine, sin í mo dhuais adeir an fear draochta.
    Thug fear an tighe féasta mór oidhche eile agus bhí go leor daoine ag an teach agus bhí an fear draochta ann. Chaith gach duine sgéal a innseacht an oidhche sin, agus dinnis an fear draochta faoi an duine a choinnigh sé ag dul thríd an oiread trioblóide. Dubhairt fear an tighe dá mbeadh a fhios aige an duine sin go mba leis leath na feilme.
    Tá an duine sin ag obair annseo agat le
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máirtín Ó Sonacháin
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    Seán Breathnach
    Inscne
    Fireann
    Aois
    65
    Seoladh
    Cill Bhríde, Co. Mhaigh Eo