Scoil: An Fháirche (Buachaillí)
- Suíomh:
- An Fhairche, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Énrí Ó Máille
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Fháirche (Buachaillí)
- XML Leathanach 286
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sgéal
Bhí beirt ann fadó fear agus a bhean agus bhí beirt mhac acú. Bhí an t-athair agus an mháthair ag troid go minic. Dubhairt an bheirt mhac go rachadh siad isteach i g-Coláiste ar feadh seacht mbliadhna. Nuair a tháinig siad amach bhí an bheirt go dona gus bhí siad ariamh. Dubhairt siad go rachadh siad isteach i g-Coláiste ar feadh seacht m-bliadhna eile. Nuair a tháinig siad amach aríst bhí an tathair agus an mháthair níos measa ná bhí siad ariamh. Dubhairt an bheirt mhac go rachadh siad rómpa agus dubhairt an mac ba sine leis an mac eile a bhóthar a thógháil agus an bóthar a bheadh fágtha in a dhiaidh aige go mbeadh an bóthar sin aige fhéin.
Dimthigh siad leóbhtha agus ní raibh an mac a ba óige i bhfhad ag imtheacht nuair a casadh fear air. Dubhairt an fear leis nuair a bhí siad tamall ag cainnt is cosamhail le fear thú a mbeadh an-fhoghluim aige. Tá roinnt agam arsa an buachaill. An bhfanaidh tú liom agus na páiste atá agam sa mbaile a fhóghluim dom. Déanfhaidh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máirtín Ó Conróigh
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Máirtín Ó Mulruaidh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 83
- Seoladh
- An Cheathrú Chaol, Co. na Gaillimhe