School: An Fháirche (Buachaillí)
- Location:
- An Fhairche, Co. Galway
- Teacher: Énrí Ó Máille
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Fháirche (Buachaillí)
- XML Page 286
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sgéal
Bhí beirt ann fadó fear agus a bhean agus bhí beirt mhac acú. Bhí an t-athair agus an mháthair ag troid go minic. Dubhairt an bheirt mhac go rachadh siad isteach i g-Coláiste ar feadh seacht mbliadhna. Nuair a tháinig siad amach bhí an bheirt go dona gus bhí siad ariamh. Dubhairt siad go rachadh siad isteach i g-Coláiste ar feadh seacht m-bliadhna eile. Nuair a tháinig siad amach aríst bhí an tathair agus an mháthair níos measa ná bhí siad ariamh. Dubhairt an bheirt mhac go rachadh siad rómpa agus dubhairt an mac ba sine leis an mac eile a bhóthar a thógháil agus an bóthar a bheadh fágtha in a dhiaidh aige go mbeadh an bóthar sin aige fhéin.
Dimthigh siad leóbhtha agus ní raibh an mac a ba óige i bhfhad ag imtheacht nuair a casadh fear air. Dubhairt an fear leis nuair a bhí siad tamall ag cainnt is cosamhail le fear thú a mbeadh an-fhoghluim aige. Tá roinnt agam arsa an buachaill. An bhfanaidh tú liom agus na páiste atá agam sa mbaile a fhóghluim dom. Déanfhaidh(continues on next page)- Collector
- Máirtín Ó Conróigh
- Gender
- Male
- Informant
- Máirtín Ó Mulruaidh
- Gender
- Male
- Age
- 83
- Address
- An Cheathrú Chaol, Co. Galway