Scoil: Cluain an Bhrúnaigh (uimhir rolla 13385)

Suíomh:
Cluain Brón, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Máire Ní Ghiobúnaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0075, Leathanach 304

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0075, Leathanach 304

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cluain an Bhrúnaigh
  2. XML Leathanach 304
  3. XML “Lucht Siúil”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Glaodhann lucht siubhail go dtí tighthe na ndaoine uaireannta. Ní h-iad na daoine céadna a thagann's i gcomhnuidhe ann. Seo cuid de na h-ainmeacha:- Máthúin, Míora, agus Seoighe. Bíonn siad in gcomhnuidhe i mbóthánaibh ar thaobh an bhóthair agus codluigheann siad ann comh maith. Bíonn droch-éadaigh ar cuid acu, agus éadaigh maithe ar cuid eile.
    Téigheann siad ó áit go h-áit agus bíonn earraide beaga 'ghá ndíol acu. Bíonn bioráin, scátháin, frámaí pictiúirí, agus pictiúirí beannuighthe acu. Ceannuigheann na daoine earradihe uatha. Bíonn earraidhe déanta as stáin acu freisin agus déanann siad féin íad. Ceannuigheann siad rudaí ins na siopaí comh maith agus díolann siad iad.
    Ní bhíonn mórán fáilte ins na tighthibh rómpa. Ní fhanann siad níos fuide ná leath-uair ins gach teach. Ní bhíonn a mbiadh féin dá n-iomchur acu, acht gheibheann siad biadh ins na tighthibh agus anois agus arís bíonn siad 'gá n-ithe ag dul thart.
    Bíonn siad ag iarraidh déirce i gcomhnuidhe, bainne, im, uibheacha, feoil, fataí agus plúir. Nuair a thugann duine déirc dóibh deireann said "Go mba seacht fearr a bhéas tú bhliadhain ó indiu." Bionn siad ag dul ó áít cos-lomnacht sa Samhradh, acht bíonn bróga ortha sa Samhradh freisin nuair nach mbíonn an aimsear go breágh. Bíonn siad ag dul thart in a dreamanna, agus capaill agus cáirr acu.
    Anois agus arí bíonn nuadhacht acu le
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. daoine de réir aicme
        1. an lucht taistil (~3,023)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Sorcha Ní Shúilleabháin
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Cluain Brón, Co. na Gaillimhe