Scoil: Cluain an Bhrúnaigh (uimhir rolla 13385)

Suíomh:
Cluain Brón, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Máire Ní Ghiobúnaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0075, Leathanach 301

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0075, Leathanach 301

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cluain an Bhrúnaigh
  2. XML Leathanach 301
  3. XML “Leigheasanna”
  4. XML “Caitheamh Aimsire”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bíonn caitheamh aimsire ar siubhal ag na buachaillí agus ag na cailíní nó nach mbíonn aon rud eile le déanamh acu . Bíonn na cailíní ag déanamh bláithfleascanna, nó ag déanamh babóg dá chuid féin. Seo í an caoi a déantar slabhraidhe bláthanna. Gheobhtar a lán nóiníní ar dtús agus cuirtear snáth tríd na nóinįní go léir le snáthad. Nuair a bhíonn sé sin déanta bíonn slabhra deas acu. Is maith leis na cailíní ôga slabhra bheith thart fá'n a muineál acu, ach ní fhanann na nóiníní úr acht ar feadh lae amháin.
    Bíonn na cailíní ag imirt caislín cloch, ceithre cóirneal, agus anois agus arís bíonn siad ag imirt liathróid láime. Siad na cluichthe is mó a bhíodh acu fadó ná ceithre coirnéal agus caislín cloch.
    Bíonn na buachaillí ag imirt peile, ag déanamh topaí d'adhmad, ag déanamh gunnaí de'n ceann truim, agus cliabháin éin chun breith ar na luin. Bíonn lúba acu chun breith ar na coiníní. Is maith leis na daoine na coiníní mar tá siad deas le n-ithe.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí sóisialta (~7)
        1. siamsaíocht agus caitheamh aimsire (~5,933)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Sorcha Ní Shúilleabháin
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Dubhachta, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Máire Ní Shúilleabháin
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Baineann
    Aois
    47
    Gairm bheatha
    Oibrí tí (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Cluain Brón, Co. na Gaillimhe