Scoil: Cluain an Bhrúnaigh (uimhir rolla 13385)
- Suíomh:
- Cluain Brón, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Máire Ní Ghiobúnaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá a lán féilí san mbliadhain agus bíonn nósanna ag na daoine i dtaobh cuid acu. Seo í an cuid is mó acu.
Lá Féile BríghdeDéantar cros in ónóir de Naomh Bríghid an lá sin, ionnus go mbeidh sonas ar an teach ar feadh na bliadhna.
Lá PádhraigCaitheann chuile duine an seamró an lá sin in ónóír de Naomh Pádhraig.
InidPósann an cuid is mó do na daoine an tráth seo mar ta sé roimh an gCaorghaos.
Máirt na h-InideDéantar pancógaí an oidhche sin in ngach theach; agus bíonn spóirt mór ag na daoine.
An CaorgaosNíl sé ceart pósadh an t-am seo mar deirtear nach mbeidh sonas ar an posadh.
Aoine-an-ChéastaAn lá is fearr chun obair ar bith a dhéanamh adeirtear.
Domhnach CásgaTá sé sona éadaig nua a chaitheamh an lá sin.
CincísNíl sé ceart na caoirigh a bhearradh ar feadh na Cincíse.
Luain CincíseNíl sé ceart deargadh a dhéanamh ar an talamh an lá sin.
Lá BealtaineNíl sé ceart deargadh a dheanamh ar an talamh an lá seo freisin ná bainne a thabhairt d'éinne.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Sorcha Ní Shúilleabháin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cluain Brón, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Máire Ní Shúilleabháin
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 47
- Gairm bheatha
- Oibrí tí (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cluain Brón, Co. na Gaillimhe