Scoil: Cluain an Bhrúnaigh (uimhir rolla 13385)

Suíomh:
Cluain Brón, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Máire Ní Ghiobúnaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0075, Leathanach 287

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0075, Leathanach 287

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cluain an Bhrúnaigh
  2. XML Leathanach 287
  3. XML “Tomhaiseanna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. C. Sín amach do lámh ar t-aghaidh, a's cífear an rud nach raibh is nach bhfuil a's nach mbeidh.
    Fr. Comh fhad na méar.
    C. Cnap saille fá bhun coille, a's gan aon easca ann.
    Fr. Seilmide.
    C. Gearráinín bobáilte donn, a shiubhalfadh an domhan. 'S nach bhfluichfadh a chos. Fr. Beach.
    C Fear bthart istigh, fear thart amuigh, fear thart ag innsint sgeil gan feoil gan fuil.
    Fr. Leitir.
    C. Tá sé comh cruinn le do cheann is comh fada le na mílte crann.
    Fr. Ceirdín snáithe.
    C. Tá sé aon ó thú an t-saoghail is níl sé ráithe d'aois
    Fr. Gealach.
    C. Cad is luaithe ná a ghaoith.
    Fr. Innsinr mná óige.
    C. Thugat, Thugat tríd an tom, inghin Rí is cloigeann trom.
    Fr. Tuaigh.
    C. Cad is doimhne ná a fhairrge. Fr. Meireachán tailliúra.
    C. Chím é agus ní fheicim é. Címeadar cuileann é. Shiubhlann sé an bán is an drúcht ní bhriseann sé.
    Fr. Scáth an duine.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. tomhaiseanna (~7,209)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Sorcha Ní Shúilleabháin
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Cluain Brón, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Máire Ní Shúilleabháin
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Baineann
    Aois
    47
    Gairm bheatha
    Oibrí tí (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Cluain Brón, Co. na Gaillimhe