Scoil: Cluain an Bhrúnaigh (uimhir rolla 13385)

Suíomh:
Cluain Brón, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Máire Ní Ghiobúnaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0075, Leathanach 302

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0075, Leathanach 302

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cluain an Bhrúnaigh
  2. XML Leathanach 302
  3. XML “Caitheamh Aimsire”
  4. XML “Laethanta Áirithe”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Bíonn cluichthe fá leith ag na buachaillí sa nGeimreadh mar ní bhíonn na laetheannta sáthach breágh le bheith taobh amuigh. Bíonn siad ag imirt cartaí is cluichthe eile. Is maith leis na cailíní bheith ag súghradh taobh amuigh mar bhíonn na laetheannta go breágh sa Samhradh.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Bíonn a lán trácht ag na daoine i dtaobh laetheannta áirith. Caithfí na daoine atá ag tabhairt leighiseanna do dhaoie iad a thabhairt dóibh Dia Luain nó Dia Céadaoin nó ní éireochadh leo. Deirtear go bhfuil sé sona tosnughadh ar aon obair Dia h-Aoine cur i gcás treabhadh, ag déanamh tighe nua, nó troscán a chur isteach i dteach nua. Bíonn an mí-adh ar na daoine na laetheannta eile.
    Tá lá eile ann agus tugtar "Lá Crosta na Bliadhna" air. Má bhíonn éinne crosta an lá sin béidh sé crosta ar feadh na bliadhna. 'Sé an lá sin ná an chéad Domhnach don Caorghaos. Níl aon nósanna i dtaobh an lae sin. 'Sé Dia Luain an lá i fearr deirtear le fataí a chur. "Aoine an Chéasta" an lá is fearr le barraí ar bith a chur sa talamh. Má chuirtear fataí an lá sin deirtear go n-éireochadh leo. Cuireann cuid de na
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Sorcha Ní Shúilleabháin
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Cluain Brón, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Máire Ní Shúilleabháin
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Baineann
    Aois
    47
    Gairm bheatha
    Oibrí tí (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Cluain Brón, Co. na Gaillimhe