Scoil: Cluain an Bhrúnaigh (uimhir rolla 13385)

Suíomh:
Cluain Brón, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Máire Ní Ghiobúnaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0075, Leathanach 315

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0075, Leathanach 315

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cluain an Bhrúnaigh
  2. XML Leathanach 315
  3. XML “Seanfhocail”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tá na mílte sean-fhocail i nGaedhilg ag na sean-daoine, agus is minic a bhíonns siad ag trácht ortha. Seo cuid acu:-

    An fear is mó cainnt, sé is lugha obair

    Deirtear gurb é an fear atá ag moladh é féin, agus ag cainnt i gcomhnuidhe, an té nach ndéanann mórán oibre.

    An té a chuireas, sé a bhaineas

    An duine obruigheanns go maith ar dtús, sin é an duine a bhéas gach rud aige nuair atá sé ag teastáil uaidh.

    An rud is giorra den croidhe, sé i sgiorra den bhéal.

    An rud atá in do chroidhe, má beannacht nó malacht é, sin é an rud is giorra den bhéal, nuair atá tú ag cainnt

    Ní hé an bhean is aoirde is truime ciall

    Ní hé an duine is aoirde agus is áilne ar an saoghal an duine a mbíonn a lán céille aige amannta

    Éist leis na sean-daoine, agus béidh eolas agat
    Is fearr a bheith ag éisteacth leis na sean-daoine ag cainnt, ná a bheith ag déanamh chuile rud gan aon chongnamh

    Is fearr rith maith na droich-sheasamh

    Is fearr rith i gcomhnuidhe agus iarracht a dhéanamh na bheith ag seasamh le droch comhluadar

    Ní hé lá na gaoithe lá na sgolb
    Ní hé an lá bhfuil an gaoth mhór ann, an lá is ceart le sgoilb achur suas
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. seanfhocail (~4,377)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Sorcha Ní Shúilleabháin
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Cluain Brón, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Máire Ní Shúilleabháin
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Baineann
    Aois
    47
    Gairm bheatha
    Oibrí tí (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Cluain Brón, Co. na Gaillimhe