School: Leitirmealláin
- Location:
- Leitir Mealláin, Co. na Gaillimhe
- Teacher: Éamonn Ó Gógáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Leitirmealláin
- XML Page 305
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)sé ag ithe an cháca agus ag ól na mealla. Tháinig cú dubh chuige agus lean sé é le clocha. Nuair a tháinig sé chuig an tobar aríst bhí an mil ar a iochtar agus an fhuil ar a uachtar. D'imthigh sé leis nó go dtáinig sé chuig teach agus ghlac fear an tíghe mar fhear oibre é. Dubhairt sé leis gurb é an obair a bhéadh sé ag déanamh ná a mháthair a thabhairt amach nuair a d'iarrfadh sí ar é agus trí léim a chaitheadh an cú a bheith rómhraighe aige lá le láidhe agus má fhághann duine againn locht ar an duine eile baineadh sé an dá chluais dhi. Nuair a chuaidh sé isteach d'iarr an chailleach air í a thabhairt amach agus nuair a tháinig sé isteach bhí a dhinneár ithte air. Chuaidh sé amach ag treabhadh agus ní raibh sé indan aon bhlas a dhéanamh de bhárr ocrais. Nuair a tháinig an fear ní raibh mórán déanta aige agus bhain sé an dá chluais dhe. D'imthigh sé abhaile agus é maol. Rinneadh an rud céadhna leis an dara mac. Nuair a bhí an mac ba óige ag imtheacht dubhairt sé go mbfheárr leis an cáca beag is a beannacht. D'imthigh sé leis agus tháinig sé chuig an tobar céadhna. Tháinig an cú chuige agus d'iarr sí píosa cháca air agus dubhairt sé bíodh muid ghá ithe an fhad is mhaireas sé dhúinn. Nuair a bhí an cáca ithte rinne an cú bean óg áluinn dí féin agus d'innis sí dhó céard a thárlóchadh dhó. D'imthigh sé(continues on next page)
- Collector
- Maighréad Nic Donnchadha
- Gender
- Female
- Address
- Leitir Mealláin, Co. na Gaillimhe
- Informant
- Maighréad Bean Mhic Dhonnchadha
- Gender
- Female
- Age
- 72
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Leitir Mealláin, Co. na Gaillimhe