School: Leitirmealláin

Location:
Leitir Mealláin, Co. na Gaillimhe
Teacher:
Éamonn Ó Gógáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0071, Page 279

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0071, Page 279

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Leitirmealláin
  2. XML Page 279
  3. XML “Scéalta Greannmhara”
  4. XML “Scéalta Greannmhara”
  5. XML “Scéalta Greannmhara”
  6. XML “Scéalta Greannmhara”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. You are not logged in, but you are welcome to contribute a transcription anonymously. In this case, your IP address will be stored in the interest of quality control.
    (continued from previous page)
    Transcription guide »
    By clicking the save button you agree that your contribution will be available under the Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License and that a link to dúchas.ie is sufficient as attribution.
  2. 5.
    Bhí fear ann uair amháin agus dubhairt sé le fear eile, "Tuige a mbíonn tú ag tarraingt an wheelbarrow in do dhiaidh in ionad é a bheith rómat. D'fhreagair an fear agus dubhairt sé, "Ní maith liom a bheith ag breathnughadh ar an wheelbarrow mar ní bhreathnuigheann sé go deas.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  3. 6.
    Bhí fear ann fadó agus bhí sé ag iarraidh beirt chailíní a phósadh. Faoí cheann tamaill d'imthigh sé as a thír mar gheall go rabhadar ag magadh faoí. Bhí a mháthair ins an teach lá agus bhí an-bhrón uirthe gur imthigh sé uaithe. Bhí sean-chat ins an teach agus chuir sí síos ins an túlán é le olc. Thosuigh an cat ag sgreadach agus rith an bhean amach mar cheap sí gur sídheóg a bhí san seómra agus d'fhág sí an cat san túlán.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  4. 7.
    Bhí fear ann fadó agus lá amháin chuaidh sé chuig an aonach ag ceannacht pluid. Fuair sé an phluid agus chaith sé ar a ghualainn í agus nuair a bhí sé leath-bealaigh abhaile cháill sé an phluid. Nuair a tháinig sé chuig an teach d'fhiafruigh a mháthair dhe cá raibh an phluid agus dubhairt sé gur cháill sé í. Ara, a Sheáinín a amadáin adeir a mháthair tuige nar chaith tú ar do ghualainn í. Chuaidh sé lá eile chuig an aonach ag ceannacht asail agus nuair a bhí sé ag dul abhaile chaith sé an t-asal ar a
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.