School: Leitirmealláin
- Location:
- Leitir Mealláin, Co. na Gaillimhe
- Teacher: Éamonn Ó Gógáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)cuid de mhuinntir na háite seo braon dé'n bhainne ar an talamh nuair a bhligheann siad an bó agus cuireann siad cómhartha na croise uirthe freisin.
Nuair a bhíos an bhó taréis laogh a bhreith cuirtear píosa de éadach dearg ar a drioball ionnus go mbéadh an tádh uirthe.
Bíonn crúdh capaill crosta san sgioból in a mbíonn an bhó ionnus go mbéadh an tádh uirthe.
Nuair a bhíos muid ag blaodhach ar na lachain séard a deireas muid "fút", "fút" agus cuireann sé i numhal dábh go bhfuil an bheatha fútha.
Nuair a bhíos muid ag glaodhach ar na caoirigh séard a deirtear "seomhainín, seomhainín," sé sin seo uainín.
Nuair a bhíos muid ag glaodhach ar na géabha séard a deirtear "beaduidhe beaduidhe,"
Nuair a bhíos muid ag seóladh na mbeithidheach séard a deirtear leó "seoch seoch" sé sin seo amach.- Collector
- Maighréad Nic Dhonnchadha
- Gender
- Female
- Address
- Leitir Mealláin, Co. na Gaillimhe
- Informant
- Máire Bean Uí Mhaol-Dia
- Gender
- Female
- Age
- 80
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Leitir Mealláin, Co. na Gaillimhe