Scoil: An Tuairín (uimhir rolla 13415)
- Suíomh:
- Béal an Daingin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Séamus Ó Tomhnra
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Tuairín
- XML Leathanach 064
- XML “Máirtín Pól as Eochaill”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Is a Máirtín Pól as Eochaill nac mór a'spóirt sa mbaile thú
Thóg tú suas na Cailleacha bhí sínte siar le Ráithe
Chuir tú ag casadh puirt iad ag damhsa is ag gabhail fhuinn
Má bhí an Caigín fuisge agat ba mhaith uatha é a chíonnIs a Mháirtín Pól as Árainn ní gádh dhuit loct a fhághail ar an gcáca
Chuir sa ngríosach dhuit mar réidheóch Máire "Chitty" béile dhuit
Is ba mhaith uaithe sin a dhéanamh mar bhí sí ag Réidhteach béilí
Go fhear go dhuine is go daoineTá aimhreas ar Sheán bhailís againn is níl muid cinnte fós dhe
Ach b'fearr dó a dhul síos go Gaillimh síos is leath bhróg ins gach láimh leis
A theacht aníos ar ais aríst is an fhuil a bheith ar a Shála
Ná a dhul a' siosgadh seanchais le Máirtín Pól as ÁrainnCuiridh sgéal isteach aige le willie Sheáin lá 'fhéil ' Brighde
Má phósann Máire Bheartlín é go dtéighid muid leis go Maoinis
Má phósann Fr. Kearney é, pósfaidh sé ar phíghinn é
Má Chloiseann Máire Phadney é Cuirfidh sí ar fud na tíre é.Innsighidh go Phateen Mhicil é go dtéighidh sé siar go Maoinis
Go dtuga sé Currach Cadógaí aniar a bhéas againn le h-aghaidh na ndaoine
Béidh buillíní anoir as tígh Mhoince ann is siúcra anuas as Luimneach(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Séamus Ó Tomhnra
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- Bairbre Breathnach
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Tuairín Mín, Co. na Gaillimhe