Scoil: Ros Muc
- Suíomh:
- Ros Muc, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Stiofán Ó hOisín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)cailleadh sé aon deor dhá chuid fola go mbeadh trian dhá neart caillte aige. Ghlaodh sé ar Oscar annsin agus d'orduigh sé dhó a dhul ar siubhal go raibh gaisgidheach mór láidir ag teacht ag cur troda ortha agus féachaint cé'n áit i n-Éirinn a dtiocfadh sé i dtír agus go bhfeicfeadh sé cé'n sórt fear a bhí ann i n-arm agus i n-éadach. Chuaidh Oscar ar subhal [!] annsin agus nuair a bhí an taobh ó thuaidh thart siubhalta aige agus é ag déanamh ar Chorcaigh chonnaic sé an fear mór seo ag teacht i gcurachán snámh agus cheap sé go raibh sé sa n-an-mhéid Theann sé leis chómh maith is a dfhéad sé agus thug sé baramhail do mhac a shamhail d'fhear agus bhreathnuigh sé chómh mór leis na Fianna uilig. D'imthigh Oscar ar ais ag Fionn aríst sul dhá raibh an fear mór i dtír agus nuair a chonnaic na Fianna ag teacht é bhí a fhios aca go raibh námhaid éicint ag teacht leis an gcuma uathfásach a bhí air.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Eibhlín Ní Chonaire
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Ros Cíde, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Parthalán Ó Chonaire
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 65
- Seoladh
- Ros Cíde, Co. na Gaillimhe