School: Ros Muc
- Location:
- Ros Muc, Co. Galway
- Teacher: Stiofán Ó hOisín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Ros Muc
- XML Page 435
- XML “Suirí Fhinn go Tír Lochlann”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)cailleadh sé aon deor dhá chuid fola go mbeadh trian dhá neart caillte aige. Ghlaodh sé ar Oscar annsin agus d'orduigh sé dhó a dhul ar siubhal go raibh gaisgidheach mór láidir ag teacht ag cur troda ortha agus féachaint cé'n áit i n-Éirinn a dtiocfadh sé i dtír agus go bhfeicfeadh sé cé'n sórt fear a bhí ann i n-arm agus i n-éadach. Chuaidh Oscar ar subhal [!] annsin agus nuair a bhí an taobh ó thuaidh thart siubhalta aige agus é ag déanamh ar Chorcaigh chonnaic sé an fear mór seo ag teacht i gcurachán snámh agus cheap sé go raibh sé sa n-an-mhéid Theann sé leis chómh maith is a dfhéad sé agus thug sé baramhail do mhac a shamhail d'fhear agus bhreathnuigh sé chómh mór leis na Fianna uilig. D'imthigh Oscar ar ais ag Fionn aríst sul dhá raibh an fear mór i dtír agus nuair a chonnaic na Fianna ag teacht é bhí a fhios aca go raibh námhaid éicint ag teacht leis an gcuma uathfásach a bhí air.(continues on next page)
- Collector
- Eibhlín Ní Chonaire
- Gender
- Female
- Address
- Ros Cíde, Co. Galway
- Informant
- Parthalán Ó Chonaire
- Gender
- Male
- Age
- 65
- Address
- Ros Cíde, Co. Galway