Scoil: Ros Muc
- Suíomh:
- Ros Muc, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Stiofán Ó hOisín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ros Muc
- XML Leathanach 322
- XML “Ciste Óir i bhFolach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ciste Óir i bhFolach
Deirtear go bhfuil pota óir i bhFolach i Ros Dubh áit éigin in aice leis an gcósta. Is iad na Lochlannaigh a chuir ann é. Deireann na seandaoine dá mbeifeá ag iarraidh an saibras a fháil dul go dtí an áit Dé Domhnaigh nuair a bheadh an t-aifreann ar siúl agus cat dubh a thabhairt in éineacht leat agus nuair a bheadh an sagart ag ardú na cailíse san aifreann an áit a chuardú go maith go m'bfhéidir go bhfaighfeá é i bhfolach. Ollphéist atá ag tabhairt aire dó agus níor mhór duit a bheith ar aire ar faitíos go mbéarfadh an ollphéist ort.
Deirtear go bhfuil fear raibh fear an cúpla céad bliain ó shin agus gur beag rud nach raibh ina chumas a dhéanamh. Agus d'iarr na daoine air ansin an mbeadh sé in am an pota óir a fháil agus ar ndáigh dúirt sé go mbeadh. Ní raibh aon teach i Ros Dubh an t-am(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Brenda Ní Máille
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Mícheál Ó Máille
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 48
- Seoladh
- An Turlach, Co. na Gaillimhe