Scoil: Ros Muc
- Suíomh:
- Ros Muc, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Stiofán Ó hOisín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ros Muc
- XML Leathanach 323
- XML “Ciste Óir i bhFolach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)sin agus deirtear go raibh draíocht ar an áit agus níor mhair le duine ar bith dul in aice leis an áit. Ach bhí an fear seo cróga misniúil agus chuaigh sé go dtí an áit Domhnach Cásca mar síl seo go mbeadh níos mó aidh an lá sin aige thar aon lá eile. Bhí go maith is ní raibh go holc agus mar a deirtear san seanfhocal ‘Ní bhíonn tréan buan’. D’éirigh sé an- fhaiteach ar fad. Nuair a tháinig sé go dtí an áit thosaigh sé ag cuardadh san áit a ceap sé go mbéadh an t-ór i bhfolach. Bhí sé tamall maith agus an obair sin aige agus i gcionn tamaill céard a thiocfadh aníos chuige ach ollphéist mór allrach agus ollphéist óg i n-éineacht leí. Thosaigh an fear ag troid leis an ollphéist ach bhí an ollphéist i bhfad ró láidir dó. D’fhan an t-achrann mar sin i bhfad, ach i gcionn tréimhse d’éirigh leis an bhfear greim a fháil ar an ollphéist agus í a chaitheamh san fharraige agus chuaigh sí go tóin poill. Nuair a bhí an fear díreach le scíth a leigeann(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Brenda Ní Máille
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Mícheál Ó Máille
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 48
- Seoladh
- An Turlach, Co. na Gaillimhe