School: Camus (roll number 11290)

Location:
Camas, Co. na Gaillimhe
Teacher:
Pádraig S. Ó Conchobhair
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0069, Page 005

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0069, Page 005

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Camus
  2. XML Page 005
  3. XML “An Bhean agus na Triúr Cailíni”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Ainm an duine a bhfuarthas an sgéal uaidh:- Sinéad Bean Uí Fineachta.
    A sheoladh:- Gleann Treasna, Ros Muc.
    A aois:- 65 bl.
    An Áit ar tógadh é & 'nar chaith sé a shaoghal:- A Ghairim Bheatha:- Tóigeadh amuigh in Dúthaigh Sheóighigh í agus is ann a chaith sí tús a h-óige. 25 bl. a bhí sí nuair a phós sí Máirtín Ó Finneachta as Gleann Treasna & is ann a chaith sí an chuid eile dá saoghal. Cailleadh í sa mbliadhain 1936.
    An Bhean agus na trúir cailíní
    Bhí bean ann fadó agus bhí trúir cailíní in aice lei. Chuaidh sí lá ag iarraidh duine acu le dhul in éinfeacht léithe. Lá annsin dubhairt sí leis an gcailín go raibh deich seómra sa teach agus go bhféadfadh sí chuile cheann acu a shiubhal acht an ceann a bhí ar chúl an dorais agus gurbh é sin seomra an óir agus gan a dhul san seomra sin. Dubhairt an cailín nach ngabhfadh agus d'imthigh an bhean. Nuair a d'imthigh sí chuaidh an cailín sa seomraagus chuir sí cuid den ór in a pócaibh. Bhí an bhean taobh amuigh ag an bhfuinneóig ag breathnúghadh isteach
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Sinéad, Bean Uí Finneachta
    Gender
    Female
    Age
    65
    Occupation
    Bean feirmeora