Scoil: Inistrághamhóir (uimhir rolla 15449)
- Suíomh:
- Inis Treabhair, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: Antoine Ó Loideáin Cláir P. Nic Gabhann
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Inistrághamhóir
- XML Leathanach 119
- XML “Ráite faoin Aimsir”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Comharthaí
1. Núair a bhíos na faoileáin ar thalamh tirim lá glas – aimsir tá gala romhat amach.
2. Núair a leigeann an Crotach fead as – comhartha báistigh.
3. Comhartha báistigh nuair a athruigheann an Chailleach Dhubh ó fharraige go abhainn, loch nó sruthán
4.Comhartha báistigh má chimleann an fainleóg a bholg den uisge agus é ag eiteall.
5. Comhartha baistigh siongáin sgitheánach dfeiceál go fairsing.
6. Núair a bhíonn an Chorr-iasg ag eiteall leis an ngaoth – comhartha gairbh i shin – ag eiteall in aghaidh na gaoithe comhartha aimsire chiúin.
7. Comhartha seaca an grian ina meáll dearg ag a dul faoi.
8.Comhartha aimsir ceathach – sgatháin sa bfairrge nó sna carraigreacha idtaobh cnoic níos goire do luighe gréine ná thusa.- Faisnéiseoir
- Liam Ó Máille
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 65
- Seoladh
- Eanach Mheáin, Co. na Gaillimhe