Scoil: Inistrághamhóir (uimhir rolla 15449)
- Suíomh:
- Inis Treabhair, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: Antoine Ó Loideáin Cláir P. Nic Gabhann
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Inistrághamhóir
- XML Leathanach 113
- XML “Rí an Domhnaigh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear ann fadó agus cailleadh a athair agus a mháthair. Níor tháinig aon lá ba gairbhe ná an lá a cailleadh a mháthair agus níor tháining aon lá ba bhréaghtha ná an lá a cailleadh a athair.Nauir a bhí an bheirt chúrtha aige annsin dubhairt an Mac go gcaitfheadh sé fághail amach cén fáth a bfuáir a mháthair lá garbh agus a athair lá breágh. D’imthigh leis agus bhí sé ag siubhal go raibh sé in’oidhche, casadh isteach I dteach é, dith sé agus d’ól sé a sháith agus d’innis sé cá raibh a thríal. Má faghann tú amach sin arsa fear an tighe leis gheobfhaidh tú tuairisg domsa cén fáth nach féidir an braon anuas a choinneál amach as taobh na gaoithe den teach agus choinneóchadh rud ar bith an broan amach as an taobh eile.Déanfaidh sin arsa an fear bocht agus d’imithigh leis gur tháinig sé isteach idteach eile agus dfiafruigh bean an tighe de cá raibh sé ag dul. Dinnis sé dí. Má fhághann tá an teolas sin ar sise geobhfaidh tú amach dhomsa cén fáth nach bposfhadh m’inghean an fear a phosfhadh í agus go bposfhadh sí an fear nach bposfhadh í. Tá go maith ar seiseann.D’imthigh leis go dtí go dtáinig sé go dtí teach eile agus bhí beirt ghreasaithe sa teach agus chuir túairisg fáth(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Seósamh Ó Curraidhín
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 16
- Seoladh
- Inis Treabhair, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Tomás Ó Curraidhín
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 65
- Seoladh
- Inis Treabhair, Co. na Gaillimhe