Scoil: Inistrághamhóir (uimhir rolla 15449)
- Suíomh:
- Inis Treabhair, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: Antoine Ó Loideáin Cláir P. Nic Gabhann
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0068, Leathanach 110](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0068%2FCBES_0068_110.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0068, Leathanach 110
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí rígh sa domhan thoir fadó agus bhí aon inghean amháin aige. Bhí sé ráidhte go raibh mach duine bocht lé fághail le pósadh aici. Bhí sé na chómhnaidhe annseo i n-Éirinn.
Bhí go maith chualadh an rígh é seo agus tháinig sé go h-Éirinn ar thuairsg an duine boicht sin. Tháinig sé isteach go dtí a mháthair agus go dtí a athair agus dúbhairt sé leó go gceannóchadh sé a mac uatha. Dúbhairt an mháthair nach ndiolfadh siad é cor ar bith agus dúbhairt sé leó go dtiúbhradh sé a mheáchan do airgead dóibh. Thugadar an páiste dhó ar an airgead agus thug sé leis é agus é lán t-sásta as. Rinne sé bosca annsin agus cuir sé an páiste síos ann. Annsin sgaoil sé amach ar bhárr na fairrge é acht ní mar ba thoil leis an rígh ba thoil lé Dia. Chuaidh an rígh ar ais i bhaile agus é an t-sásta. Bhí triúr muilneoirí ag obair aige agus iad ag obair go diann. Bhí duine aca i mbéal na h-abhann agus chonniac sé bosca ag teacht i dtír ann. Thóig sé an bosca agus bhain an clár de. Céard a bheadh ann acht páiste. Thug sé leis abhaile é agus thóig sé é go raibh sé na chómhantóir aige.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Nóra Ní Chadhain
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 14
- Seoladh
- Inis Treabhair, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Pádhraig Ó Cadhain
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 20
- Seoladh
- Inis Treabhair, Co. na Gaillimhe