Scoil: Leitirmucadha (uimhir rolla 13951)
- Suíomh:
- Leitir Mucú, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Nioclás Ó Confhaola
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Chuir athair na mná céad fáilte roimhe.
"Anois ó thárla gur shábhail tú í tiubhraidh mise dhuit í le pósadh a's leath mo ríoghacht a's mo rioghacht uilig réis mo bháis", ars an t-athair.
"A ndomhnach is maith liom í fháil" ars mac Rí Éireann "a's má fhillim choithin bféidir go bpósainn í a's mara bfhillfeadh bíod a seans aice."
Ar maidin lár na bháireach deirigh sé dubhairt a thrá, nigh a lámha, agus dimthigh leis. Bhí sé ag imtheacht a's ag síor imtheacht go raibh diún a's deire an lae a deanamh ar a chéile, agus chonnaic sé oileán i bhfad uaidh a's ní i ngar dhó. "M'anam" ar seisean "go dtiocfaidh mé isteach annseo go bhfeicfidh mé a mbeadh tuairisg ag aon nduine san áit a bhfuil mé ag dul." Isteach leis agus tharraing sé suas a long thug ceangal na seacht mbliain uirthe théis go mbéidir nach mbeadh sé ann acht uair a chluig. Chonnaic sé teach uaidh. Rinne sé air agus isteach leis. Dheamhan duine ná deoraidhe bhí istigh roimhe. Chonnaic sé trí phlata feola agus trí mhuigín antra leagtha ar an mbord. "Manam" ar seisean leis "go bfhuil ocras orm-sa agus is beag a aireóchas pláta ar bith aca seo má bhainim-se ruainín dhe agus is beag a aireóchas aon mhuigín aca má bhainim(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Nioclás Ó Confhaola
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Leitir Mucú, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Laoi
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cinn Mhara, Co. na Gaillimhe