Scoil: Leitirmucadha (uimhir rolla 13951)
- Suíomh:
- Leitir Mucú, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Nioclás Ó Confhaola
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus dfosgail an uain. Bhí an cú thiar ann agus an slabhra óir uirthe. Chuir sé an luch síos sa bpurs agus thug sé leis an sgathán agus an rásúr. Bain sé trí maide i gcoill na n-Uileann agus chaith sé amach i Loch Mám Aon iad. Cuaidh sé ar ais go dtí an sean-fhear. Chuir sé an luichín ag róstadh agus ba ghearr go raibh súgha ag tuitim aiste. Thosuigh sé dhá chuimilt dhá shúile agus rinne an t-Éireannach an rud céadhna. Thosuigh sé ag gairí. "Cén fáth do gháirí?" ars an Lochlannach. "Níl orm acht a dhul abaile agus tá na cnuic lán le ór" ars an t-Éireannach. "Seo anois rúinne de'n fheóil dhuit is ith" ars an sean-fear. Dith is ní fhaca sé aon bhlas níos mo. Sin é an uair a dubhairt sé 'marach an fheóil ba mór a bfiú an t-anbhruith'.
(A Chríoch)- Bailitheoir
- Colm Cartuir
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Seóirse Cartuir
- Inscne
- Fireann