Scoil: Leitirmucadha (uimhir rolla 13951)
- Suíomh:
- Leitir Mucú, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Nioclás Ó Confhaola
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leitirmucadha
- XML Leathanach 004
- XML “Tomás Buí Úraid”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)thrioblóid a dhuine chóir” ars an caibléara. “Maise go deimhin ní misde” arsa Tomás. “Brionglóid a bhí agam trí oidhche i ndiaidh a chéile go bhfuighinn pota óir in aice le droichead Luimnighe”.“An bhfeiceann tú mise a raibh an bhrionglóid céadhna beagnach agam” ars an caibléara “acht gur ag tigh Thomáis Buidhe Úirid a bfachtas dhom a bhí an t-ór”.Níor leig Tomás tada ar fhéin acht dfill sé abhaile. Fuair sé sluasad agus láighe agus thosuigh sé ag cartadh. Ní morán achair gur bhuail sé an pota. “Is fearr go deireannach ná go bráth” arsa Tomás. Bhain sé an clár dhe agus bhí sé ag dul tar maoil le ór buidhe. Thug sé isteach abhaile é, chuir sé an t-ór i bhfolach faoin urlár, agus leag sé clár an phota ar leac an teallaigh san gcisteanach. Bhí rud eicínt sgríobhtha air acht níor bhain Tomás aon mheabhair as.Tamall gearr i na dhiaidh sin casadh scoláire bocht isteach tigh Thomáis. Chonnaic sé clár an phota ar an teallach, rug sé air, agus thosuigh sé ag léigheamh an scríobh a bhí air. Rinne sé meangadh gáire agus chonnaic Tomás é. “Muise céard é fáth do gháire” ar seisean. “Tá sé sgríobhtha ar seo” arsa an scoláire bocht “nach dóighide an t-ádh a bheith ar an taobh seo den chrann ná ar an taobh eile”. “Ní i bhfadh go mbeidh fhios agam-sa é” arsa Tomás. Chuaidh sé amach agus chuaidh sé ag cartadh in ath-uair agus níor bhfada go bhfuair sé an pota eile agus é lán go clab. Thug sé leath an óir don scoláire(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Colm Cartuir
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Seóirse Cartuir
- Gaol
- Duine gaolta (nach tuismitheoir ná seantuismitheoir)
- Inscne
- Fireann
- Aois
- Os cionn 70
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cinn Mhara, Co. na Gaillimhe