School: Leitirmucadha (roll number 13951)
- Location:
- Leitir Mucú, Co. Galway
- Teacher: Nioclás Ó Confhaola
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Leitirmucadha
- XML Page 004
- XML “Tomás Buí Úraid”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)thrioblóid a dhuine chóir” ars an caibléara. “Maise go deimhin ní misde” arsa Tomás. “Brionglóid a bhí agam trí oidhche i ndiaidh a chéile go bhfuighinn pota óir in aice le droichead Luimnighe”.“An bhfeiceann tú mise a raibh an bhrionglóid céadhna beagnach agam” ars an caibléara “acht gur ag tigh Thomáis Buidhe Úirid a bfachtas dhom a bhí an t-ór”.Níor leig Tomás tada ar fhéin acht dfill sé abhaile. Fuair sé sluasad agus láighe agus thosuigh sé ag cartadh. Ní morán achair gur bhuail sé an pota. “Is fearr go deireannach ná go bráth” arsa Tomás. Bhain sé an clár dhe agus bhí sé ag dul tar maoil le ór buidhe. Thug sé isteach abhaile é, chuir sé an t-ór i bhfolach faoin urlár, agus leag sé clár an phota ar leac an teallaigh san gcisteanach. Bhí rud eicínt sgríobhtha air acht níor bhain Tomás aon mheabhair as.Tamall gearr i na dhiaidh sin casadh scoláire bocht isteach tigh Thomáis. Chonnaic sé clár an phota ar an teallach, rug sé air, agus thosuigh sé ag léigheamh an scríobh a bhí air. Rinne sé meangadh gáire agus chonnaic Tomás é. “Muise céard é fáth do gháire” ar seisean. “Tá sé sgríobhtha ar seo” arsa an scoláire bocht “nach dóighide an t-ádh a bheith ar an taobh seo den chrann ná ar an taobh eile”. “Ní i bhfadh go mbeidh fhios agam-sa é” arsa Tomás. Chuaidh sé amach agus chuaidh sé ag cartadh in ath-uair agus níor bhfada go bhfuair sé an pota eile agus é lán go clab. Thug sé leath an óir don scoláire(continues on next page)
- Collector
- Colm Cartuir
- Gender
- Male
- Informant
- Seóirse Cartuir
- Relation
- Relative (other than parent or grandparent)
- Gender
- Male
- Age
- Over 70
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Cinn Mhara, Co. Galway