School: Leitirmucadha (roll number 13951)
- Location:
- Leitir Mucú, Co. Galway
- Teacher: Nioclás Ó Confhaola
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Leitirmucadha
- XML Page 003
- XML “Tomás Buí Úraid”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tháinig brionglóid ag Tómas Buidhe Úirid trí oidhche i ndiaidh a chéile go bhfuigheadh sé pota óir in aice le droichead Luimnighe. Níor chuir sé aon t-suim ann an chéad oidhche ná an dara h-oidhche acht badad nuair a tháinig sí an tríomhadh h-oidhche chuir sí iongadh air. “Bhí brionglóid agam le trí oidhche i ndiaidh a chéile go bhfuighinn pota óir in aice le droichead Luimnighe” ar seisean le na bhean maidin lár na bháireach. “Ara ná bac léithe” ars an bhean leis. “Dheamhan foras ná suaimhneas a dheanfas mé dteighidh mé ann” arsa Tomás. Gléas mo lón dhom go mbuailfidh mé bóthar.
“Acht cé’n chaoí a siubhalfaidh tú é” ars an bhean. “Buailfidh mé a leithead den aimsir air” arsa Tomás. Chaith sé dhe a bhróga, chroch sé leis a cháca mine choirce agus bhuail sé bóthar go Luimneach. Chaith sé trí lá ag dul go Luimneach ag codhladh i gcocaí féir.Ag a dó-dhéag an tríomhadh lá bhí sé ar dhroichead Luimnighe. Ní corróchadh éan ar chlaidhe ná luch ar bhóthar i nganfhios dhó. Chaith sé an lá sin ag cuartúghadh acht toirt fiadh nó fionnóige ní bfhuair sé. “Caithfidh mé an lá amáireach leis ó chaith mé an lá indiu leis” ar seisean.Timcheall’s a dhó-dhéag lár na bháireach bhí sé ag siubhal thar dhoras tighe caibléara.“Muise ar mhiside dhom a fhiafruighe céard é do(continues on next page)- Collector
- Colm Cartuir
- Gender
- Male
- Informant
- Seóirse Cartuir
- Relation
- Relative (other than parent or grandparent)
- Gender
- Male
- Age
- Over 70
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Cinn Mhara, Co. Galway