School: Leitirmucadha (roll number 13951)

Location:
Leitir Mucú, Co. Galway
Teacher:
Nioclás Ó Confhaola
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0068, Page 012

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0068, Page 012

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Leitirmucadha
  2. XML Page 012
  3. XML “Log an Aifrinn”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Pádín Labhráis (ar lean)
    lá maitheasa uaidh sin amach.

    Log an Aifrinn
    Tá an áit sin suidhte i mám sléibhe atá trí mhíle aníos ó Uachtar Árd. Is dócha go bhfuil sé le tuisgint ag gach duine ó ainm na h-áite gur léigheadh Aifreann san log sin am eicínt. “Agus cé’n fáth nach i séipéal Chamuis a léigheadh an t-Aifreann ar ndóigh ní raibh seipéal ar bith annsin”? arsa tusa.
    Bhuel, sé aimsir na bpéin-dlighthe a bhí ann agus creidim nach raibh sé ceaduigtheach ag sagart ar bith Aifreann a léigheadh gan cead dfághail ó’n Rialtas. Nach bhfuil sé le rádh go raibh an dlighe géar go maith i na n-aghaidh agus go raibh chúig phunt ar chloigeann sagairt ag an Rialtas i mBaile Átha Cliath. Acht dhá ghéireacht dhá raibh an dlighe na n-aghaidh bhíodar ag dul i mbealach a mbasgtha leis an gcreideamh Caitliceach a choinneál I bhfeidhm.
    Bhíos ag go leór Caitliceach go raibh an t-Aifreann le bheith annseo an lá úd agus bhailigheadar ó gach ceárd leis an Aifreann a éisteacht. Acht má bhí daoine sa tír a bhí seasamhach dílis bhí daoine ann a shanntuigh an t-airgead agus a sceith an rún. Ar chuma ar bith bhí na saighdiúirí ar a mbealach go dtí an áit go moch ar maidin. Níorbh leis an bhfear faire a bhí ar mhullach an chnuic a bfaillighe é bhí an t-súil feannta go maith
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Location
    Leitir Mucú, Co. Galway
    Collector
    Colm Cartuir
    Gender
    Male
    Informant
    Maighréad Bhreathnach
    Gender
    Female
    Address
    Cinn Mhara, Co. Galway