School: Leitirmucadha (roll number 13951)

Location:
Leitir Mucú, Co. Galway
Teacher:
Nioclás Ó Confhaola
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0068, Page 014

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0068, Page 014

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Leitirmucadha
  2. XML Page 014
  3. XML “Seanscoileanna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Scoileanna scairte a thugtaí ar na scoileanna a bhí sa gceanntar seo sarar cuireadh scoileanna náisiúnta ar bun. San Samhradh amuigh chois claidhe a bhíodh na scoileanna dhá múnadh acht sa nGeimhreadh is istigh i dteach no i sgioból a bhíthí ag múnadh. I sean-sgioból a bhí an scoil dhá múnadh i Leitir-Móir. Nuair a scaoiltí na beithidhigh amach as an sgioból ar maidin thagadh an máighistir agus na gasúir agus ghlanaidís amach an sgioból agus bhídís ag fóghluim ann as sin go tráthnóna.
    Sé’n chaoí a dtugadh muinntir an bhaile fear fóghlumtha amach as teach na mbocht le iad fhéin agus a gclann a mhúnadh. Níl tásg ná tuairisg ar a n-ainm ná ar a sloinne mar stranséaraí a bhí ionnta. Bhídís tamall in gach teach ar an mbaile agus nuair a bhídís ag múnadh sén chaoí a múinidís an rang uilig i n-éinfeacht. Go deimhin ní raibh aon pháighe uathbhásach ag dul dhóibh. Chaithfeadh gach gasúr cúpla pinginn a íoc leis gach maidin luain le na múnadh ar feadh na seachtmhaine.
    Ní mórán a bhíthí a mhúnadh dhóibh, beagáinín beag áireamh, beagán tír eólas, agus roinnt Gaedhilge. Bhíodh Gaedhilge ag furmhór na muinteóirí agus sí a labhraidís sa scoil, mar bhí roinnt meas aca uirthi.
    Ní bhíodh leabhar ná peann ag na gasúir an t-am sin acht slinnte agus staic de chloch aoil le scríobh ortha.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. objects
      1. man-made structures
        1. buildings
          1. schools (~4,094)
    Language
    Irish
    Collector
    Colm Cartuir
    Gender
    Male
    Informant
    Mícheál Ó Ráinne
    Gender
    Male