Scoil: Ros Cathail (Buachaillí)
- Suíomh:
- Ros Cathail, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Mícheál Mac Donnchadha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sé an t-ainm a tugtar ar an leipreachán ins an áit seo "An gréasaidhé leipreachán," mar go mbíonn sé ag déanamh brogaí do na sidheogaí. Is í gcarnan cloch a mbíonn sé ina chomhnuidhe ins na garrannta no ins na coillte. Tá an leipreachán an-chliste mar deirtear dá mbéarfadh duine air go n-abrochadh sé leis go mbéadh rud éicint eile taobhthiar dó nó plan eile, agus muna mbéadh an duine sáthach chliste dó dá mbreathnuigheadh sé taobh thiar dhó d'imthochadh sé Acht da gcoinneochadh sé greim air gheibrad sé an t-ór uaidh mair bíonn go leor airgead aige. Feairín beag agus cruit air isead é, brísta glas agus caipín dearg air.
- Faisnéiseoir
- Tomás Breathnach
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 57
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Dún, Co. na Gaillimhe