Scoil: Ros Cathail (Buachaillí)
- Suíomh:
- Ros Cathail, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Mícheál Mac Donnchadha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Nuair a thagann Féil Mártan i Mí na Samhna.”
Nuair a thagann Féil Mártan i Mí na Samhna, marbhuigheann bean an tighe coileach óg no dhá coileach. Go minic bíonn na coileacha sin gortha ó'n Márta roimhe sin agus tugtar coileacha Mártan ortha, mar gealtar go Naomh Maírtín iad. Dóirteann bean an tighe fuil na gcoileach i n-aice an dorais. Annsin tagann gach duine de mhuinntir an tighe agus cuireann siad a n-ordóg ins an bhfuil agus déanann siad comhartha na croise ar a mbaithis leis. Fágann siad annsin é no go n-imthigheann sé uaidh féin. Annsin glantar na coiligh agus baintear asta agus bruithtear iad i gcóir an t-suipéar, ithtar an fheóil agus óltar an t-an-bhruith.Ta sean-rád ann a deireann Tógfaidh Mairtín a chuid am ar bith roimh an Féile acht ní thógfaidh sé ina dhiad sin é.
Mícheál Breathnach
Gort-na-gCruach
Roscathail- Bailitheoir
- Mícheál Breathnach
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Gort na gCruach, Co. na Gaillimhe