Scoil: Ros Cathail (Buachaillí)

Suíomh:
Ros Cathail, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Mícheál Mac Donnchadha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0067, Leathanach 184

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0067, Leathanach 184

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Ros Cathail (Buachaillí)
  2. XML Leathanach 184
  3. XML “An Chuinneog”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tá cuinneóg ag mo mháthar sa mbaile. Tá sé timcheall agus trí troighe ar aoirde. Déanann mo mháthair an maistreadh ins an gcuinneoig. Déanann sí an maistreadh leis an luithne (?). Seo iad na h-uirlisí a bhaineas leis an gcuinneóg - luithne, clár na cuinneóige, agus an claibín. An cúipéar a rinne an cuinneoig. Tá sé ag mo mháthar lé deic mbliadhna. Tá sé déanta as adhmad agus tá feithrí iarrann thart ar chun é do choingbáil láidir. Sé an chéad rud a dhéanfas mo mháthair doirteann sí an bainne reamhar isteach sa gcuinneóig. Annsin cuireann sí an luithne síos ins an mbainne. Taréis sin cuireann sí an clár ar an gcuinneóig agus bíonn cos na luithne ag dul tríd an poll ata i lár an chláir. Déanan sí comhartha na croise ar an cuinneóig leis an luithne. Annsin cuireann sí an claibín síos ins an luithne síos go
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí eacnamaíocha
        1. talmhaíocht (~2,659)
          1. im agus cuigne (~3,280)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Mícheál Breathnach
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Gort na gCruach, Co. na Gaillimhe