Scoil: Ros Cathail (Buachaillí)
- Suíomh:
- Ros Cathail, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Mícheál Mac Donnchadha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Níl acht aon taillúir amháin sa bparáisde.”
Níl acht aon tailliúr amháin sa bparáisde. Ní bhíonn aon éadach sa teach aige acht fághann sé an (-) ó na daoine agus déanann sé culaith doibh. Bréidín is mo a chaitheann na daoine thart sa gceanntar seo. Seo abairt i dtaobh na tailluíra:-"A Tháilliúr A Tháilliúr agus A Thailluír i n-Eadaigh, Ní deiside a ghearrans tú an t-Eadach na mar chumas tú na bréaga"Deirtear go mbíonn an tailliúr áidhbhéalach agus go mbíonn sé ag cumadh bréaga. Bréidín agus flainnín is mo a bhíodh an tailliúr ag déanamh fado acht caitheann go leor daoine éadach siopaí anois. Bíonn an bréidín déanta as snáth bán olan agus glas caorach no olan a fhásas ar chaora dhubh. Bíonn(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Mícheál Breathnach
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Gort na gCruach, Co. na Gaillimhe