Scoil: Ros Cathail (Buachaillí)

Suíomh:
Ros Cathail, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Mícheál Mac Donnchadha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0067, Leathanach 221

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0067, Leathanach 221

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Ros Cathail (Buachaillí)
  2. XML Leathanach 221
  3. XML “Ar Dul Isteach sa Séipéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Ag Dhul isteach san Séipéal
    Beannuig dhom a Teampaill Dé is go mbeannochadh mé fein duit. Táim ag súil leat Iosa Críost guidhe orrainn fein indiu. Isleochaidh mé ar mo ghlún deas don Árdrí agus ar mo ghlún eile Don Spiorad Naom.

    Ar teacht amach o'n séipéal:
    Umhluigmhuid síos do'n altóir naomta. A Iosa tar agus blaoidh orrainn agus coimrí m'anam ort go bfilleamaid aris ort.

    Ag déanamh maistreadha
    Bail Dé Muire agus Brighid. Bail Dé Muire agus Pádhraic. Rath na gcúig aran agus an dá iasg a roinn Mac Dé ar cúig céad mílte fear. Bail Dé ar a bhfeiceainaid agus ar a nglacaimíd ár gcuid féin agus caid na gcomursain. Amén.

    Ag Dhul a Codladh
    A Collain coimre in do chroidhe ná luighe i bpeacaid ná i bhfearg, mar is fhuar an brat a gheobhfar ins an gCill is béidh do craos leis an gcre dearg.

    Tomás Breathnach.
    M'athair Tomás Breathnach Dun Roscathail, Co. na Gaillimhe a d'innis seo dhom. Rugadh agus tóghadh é san áit seo. Ta sé 57 bliadhna d'aois.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge