Scoil: Ros Cathail (Buachaillí)

Suíomh:
Ros Cathail, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Mícheál Mac Donnchadha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0067, Leathanach 167

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0067, Leathanach 167

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Ros Cathail (Buachaillí)
  2. XML Leathanach 167
  3. XML “Seanchas i dtaobh na hAimsire”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    ghaoth aindeas. Tuirim is an ám céádhna tagann droch-aimsear. Bionn ceathanna clocha sneachta againn agus gaoth fuair cruaidh. Tugann na daoine Garbhthean na gCuach ar an droch aimsear a tagann an uair sin. Tá sean Caint ag na daoine go gcuireann an cuach moill ar rudaí. Má bíonn ál siciní nó geabha nó lacain gortha an uair sin agus le teacht amach bíonn moill orra mar geall ar an gcuach. Deir siad nach dtagann siad amach go maith, agus go mbíonn na h-eunacha óga meathta agus lag.
    I lár an Meitheam bíonn an aimsir go breagh mar bíonn an Samradh ann. Se an 21adh Meitheamh an lá is fuide san mbliadhain agus bíonn lá Féile San Seaghain ar an 24adh Meitheamh. Timcheall an am sin tagann gaoth an cruaidh tirm. Bíonn tiormach mor leis an gaoth sin agus tugtar gaoth na Feile San Seaghain ar an gaoth sin. Aon moin a bíos bainte an uair sin tiormach sé go tapaidh. Deireann na sean-daoine go mba é an mhóin é is fearr an
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. seanchas aimsire (~6,442)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Rúaidrí Breathnach
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Port an Chairrín, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Tomas Ó hAiceid
    Gaol
    Duine gaolta (nach tuismitheoir ná seantuismitheoir)
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Port an Chairrín, Co. na Gaillimhe