Scoil: Uachtar Árd (uimhir rolla 4786)

Suíomh:
Uachtar Ard, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
An tSr M. S. Iognáid
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0065, Leathanach 170

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0065, Leathanach 170

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Uachtar Árd
  2. XML Leathanach 170
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    bhí air. Bhí brionglóid ag Séan oidhche go raibh pota óir le faghail aige fá droicead mór Luimnighe. D'eirigh Séan go moch ar maidin agus cuaidh sé go Luimneach agus bhí sé ag siubhal sior agus anoir ar an droicead. Bhí sé ag siubhal mar sin ar feadh cuplá lá agus ní fhaca sé tada.
    Tháinic fear suas leis agus dubhairt sé leis ce'n fáth a bhfuil tú ag siubhal tart ann seo? D'innis Séan a sgéal do agus thosuigh an fear ag ghaire. Bhí briomglóid mar sin agam go raibh pota oir le fághail agam faoí droicead an Uachtaran in gConnamara agus go raibh sé faoí sgeach. Cuaidh Séan abhaile agus fuair sé a laide agus tosuig sé ag robar na talman faoí an sgeach agus fuair sé pota lán le ór. Tug sé an pota ór abaile agus tog sé an t-ór as. Lá amhain tháinic sgoilaire bocht isteac go dtí Séan. Tug Séan biadh dho. Bhí an sgoilaire in a suidhe cois na teineadh agus tosuigh sé ag feachaint ar an bpota ceard tá sgriobtha ar an bpota sin. "Ní sgoilaire mise", aras Séan "ceart tá sgriobtha air. Ní sona an taobh seo an sgeach ná an taobh eile. Nuair a chuala Séan na focail fuair sé a laide agus cuaidh sé amach go dtí an droicead agus fuair sé pota óir eile. Tug sé pota ór isteach agus tug sé cuid de sgolaire agus ní facha Séan lá bocht ó sóin amach.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT1645: The Treasure at Home
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Brighidh Ní Ceallachain
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Uachtar Ard, Co. na Gaillimhe