Scoil: Uachtar Árd (uimhir rolla 4786)
- Suíomh:
- Uachtar Ard, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: An tSr M. S. Iognáid
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Uachtar Árd
- XML Leathanach 152
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ag tabhairt bidh duit agus cifeadh mé anois an fear no spideóg thú. Rug sé ar an gcrann agus tharraing sé as na freamreacha é. "Is fear thú" ar sise agus racha tú amach amárach ag obair. An lá in a dhiaidh dimthigh sé leis agus bhí sé ag siubhal agus ag siubhal go dtáinig sé chuig teach feilmeara. Tháinig an feilméar amach agus dubhairt sé, "Cé hé tusa".
Buachaill mé atá ag lorg mo mhaighistir". "Fan agam-sa" arsa an feilmear. "Ba mhaith liom buacall a bheith agam chun mo chuid ba a aodhaireacht ar mo thalamh féin." Tá triúr fathac ar mo theorann agus aon bó liomsa a theigheas ar mo cuid talam marbuigeann siad iad.
"Ní béid faitchíos ar bith orm" arsa an buachaill "roimh na fathac". Nuair a thíomáin sé na bá amach chonnaic sé nach raibh giota féir le n-ithe aca i na gcuid dtalamh féin. D'fheach sé isteach ar thalamh na fathach agus chonnaic sé féar breagh ann. Lag sé balla mór agus chuir sé a gcuid bha féin isteach. Níorbh bfada in a dhiaidh sin gur tháinig fathach amach agus trí ceann air. Dubhairt sé leis an buacaill "iosfad(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Nóra Breathnach
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Uachtar Ard, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Mrs Walsh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 70