Scoil: Leamhchoill (uimhir rolla 10742)

Suíomh:
Leamhchoill, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Seán Ó Domhnalláin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0064, Leathanach 299

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0064, Leathanach 299

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Leamhchoill
  2. XML Leathanach 299
  3. XML “Seanamhráin”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Seanamhráin (ar lean)

    Tá fear as na bailtí ma chuala sibh trácht air

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    Ná daoine de’n t-sórt sin ní i gcailleacht ariamh
    Ghearradh sé cuisle lé aon fhear as an áit
    Folach de’n náire níor fhág sé ar an laogh
    Ó Domhnaill Ó Oireachtaigh ‘fuair sé an fhoghluim
    Mar deir sé gur mhór a “skill” i mba tinn.
    Tá céirdín bheag eile aige ná chainntigh mé fós air
    Mar tá sé an-torramhamhail ar an bpota ‘chuir síos.
    Is fearr an fear fuisgí é Domhnaill ná Joe
    Agus innseóchaidh mé fos díobh cé’n t-ughdar ‘tá faoi.
    Ar áit pota na bhfataí ‘gníos Domhnaill a leann
    Mar tá sé an-mhór lé Vaughan seo thíos.
    Má mhol mise Domhnaill d’feil sé de’n amhrán
    Tá Joe fós chómh maith is bhí sé ariamh
    Dhéanfadh sé milteanach agus bhreacadh sé róintí
    Ní mhillfeadh sé an fuisge ar cháil a bhfuil beo
    Agus tuille sa tóir ar na paints a chur tríd.
    Thiubhradh sé go Gaillimh é agus ar bhord dhaoine mhóra
    Lé daoine de’n t-sórt sin a bhíonn sé dhá dhíol
    Tá stilléiri geala ag éirigh amach san áit
    Is deacair a gcáineadh feice dhóibh fhéin
    Mara tá Tomás Pheadar agus Micil Ó Conaire
    Dheamhan deor ar fóineadh a rinne siad ariamh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Bháinn
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Leamhchoill, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Padhraig Ó Concubhair
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Leamhchoill, Co. na Gaillimhe