Scoil: Leamhchoill (uimhir rolla 10742)
- Suíomh:
- Leamhchoill, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Ó Domhnalláin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leamhchoill
- XML Leathanach 279
- XML “Tomhaiseanna agus Cleasanna”
- XML “Tomhaiseanna agus Cleasanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Laidhróg, ordóg, sprág isteach.
An Sgoláir – Máire Bhreathnach.
A Seoladh – Leamhchoill, Mághchuilinn, Co. na Gaillimhe.
An duine a thug dí iad – Séamus Breathnach.
A Seoladh – Leamhchoill, Mághchuilinn, Co. na Gaillimhe. - Cruinnigheann na gasúir timcheall ar bord agus cuireann siad a lámha ós chionn a chéile ar an mbord. Séideann duine amháin an lámh ar bárr agus deireann sé: “Cá bhfuil an bainne a bhí sa gcuinneóg sin?” Freagreann duine eile é agus deireann “tá sé sa gcuinneóg eile”.
Déantar mar sin go dtí an ceann deireadh agus bíonn na gasúir ag tarraint isteach a lámha de réir mar tá sé réid. Ag an ceann deireadh fiafruigheann sé “cá bhfuil an bainne a bhí sa gcuinneóg sin?” agus freagruigheann duine eile. “D’ól an cat é”.
Deireann an duine eile : “cá bhfuil an cat?”
“Faoi’n sop”. “Cá bhfuil an sop?”
“Dhóigh an teine é”. “Cá bhfuil an teine?”
“Mhúch an abhainn é”. “Cá bhfuil an abhainn?”
“D’ól an giaráin bán agus an giarán dúbh é”.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Bhreathnach
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Leamhchoill, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Séamus Breathnach
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Leamhchoill, Co. na Gaillimhe