Scoil: Leamhchoill (uimhir rolla 10742)
- Suíomh:
- Leamhchoill, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Ó Domhnalláin

Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0064, Leathanach 220
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leamhchoill
- XML Leathanach 220
- XML “Cistí Óir i bhFolach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Nuair a bhí na Normánaigh sa tír seo fadó bhí go leor airgead acú acht ní raibh fhios ag duine at bith go cé’n áit a raibh sé acu.
Bhí triúir acú ag siubhal lá nó go dtániceadar chómh fada le Cill-a-Ráine atá timcheall agus míle taobh thiar de Mhágchuilinn. Bhíodar ag siubhal thart timcheall na coille ar feadh i bhfad agus faoi dheireadh tháiniceadar go garrdha ar a dtugadh Gardha Chúil a’Choill air. Bhí poll mór annso ar aon taobh le claidhe. “ó muise nach deas feileamhnach an áit é seo cun an t-airgead a chur”, arsa duine acú. “Nach tráthamhail a chas sé linn”, arsa duine eile. “Seo síos leis gan a thuile cainnte”, arsan tríomhadh duine. Rinneadar bosca beag do ádhmaid agus chuireadar an t-airgead síos ann agus leagadar an bosca sa bpoll. Ór a bhí sa gcuid is mó de’n airgead seo. D’imthigh na Normánaigh abhaile agus fuaireadar bás. D’imthigh na céadta blian agus níor bhach aoinne leis an gcloich.
Bhí fear i n-a chómhnuidhe in-aice na h-áite i n-a raibh an t-ór. Ní raibh sa teach acht(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Bháinn
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Leamhchoill, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Máirtín Báinn
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Leamhchoill, Co. na Gaillimhe