Scoil: Magh Cuilinn
- Suíomh:
- Maigh Cuilinn, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Donncha Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Magh Cuilinn
- XML Leathanach 197
- XML “Leigheasanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá go leor galair ann ach má tá fhéin tá go leor leigheasanna ann le na n-aghaidh. Deirtear go bhfuil leigheas áirithe le h-aghaidh gach galair agus is fíor é.
An Craos Galar. Aon duine gur d'éag a athair sul ar rugadh é bheadh leigheas aige ar sin.
An Triuch. Aon leigheas a dhearfas fear le capall bhan. An duine do chur faoi bholg asail. Leac a mbeadh beithidhigh i na luíghe urithí an duine a leagadh amach ar sin.
Faineochaí. Má thagann tú ar uisge i bpoll cloiche is é sin leigheas.
A uisge cloiche gan iarraidh,
Ní ga t-iarraidh a tháinic mé,
Ach ó bhfuair mé thú gan iarraidh,
Déan leigheas ar mo chuid faineochaí.
Díon fola. Im gan salann measctha le píosa 'Sala Gaodhlach' agus úactar bróige, iad a dhóigheadh agus a bhriseadh súas.
Sleamhnán a bhéas ar do shúil. An sleamhnán a leigint le dealg spíonáin.
Mada nimhneach. An drídeire a bhéas ar inúin cúpla spúnóg de sin ar bhraon bainne,(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Tadhg Ó Réagáin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Droim Chonga, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Tómas Ó Bháin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Seoladh
- An Garrán, Co. na Gaillimhe